Scoileanna & Seirbhísí Óige
Oibrímid le foirne ceannaireachta, oibrithe óige, múinteoirí agus oibrithe deonacha, trí Bhéarla agus trí Ghaeilge, chun deiseanna a chruthú le chéile do leanaí agus do dhaoine óga i scoileanna agus i seirbhísí óige.
Creidimid nach bhfuil an teicneolaíocht níos lú ná muid i dtaobh cothromaíochta agus teacht ar deiseanna, ach, nuair atá sé úsáidte le cur le timpeallachtaí foghlama, barr cumais a bhaint amach, agus dul i ngleic le fadhbanna sóisialta, go bhfuil sé níos daonna.
Kinia Cruthaigh
Cuirimid sainchomhairle agus treoir ar fáil d'oibrithe óige, do mhúinteoirí agus d'oibrithe deonacha:
Deiseanna Kinia
Tugaimid muinín duit a bheith cruthaitheach leis an teicneolaíocht chun scileanna, mianta agus deiseanna a leathnú do dhaoine óga. Cuirimid acmhainní ar fáil d'ionaid oideachais chun tionscadail tarraingteacha agus inbhuanaithe a spreagadh.
Tacaíocht Scileanna
Tacaímid leat chun idirghabhálacha spriocdhírithe a sholáthar trí thacaíocht bunaithe ar oibrithe deonacha.
Trealamh
Soláthraímid trealamh agus cuirimid comhairle ar fáil maidir leis an bpacáiste ceart a roghnú duitse, agus tá pacáistí tacaíochta ar fáil againn ar chrua-earraí áirithe.
- Ríomhairí glúine
- Chromebooks agus Ceadúnú Chrome
- Comhpháirtí de chuid Skriware agus Skribots
- Pacáistí STEAM
- Pacáistí don Chruthaitheacht Dhigiteach
- Pacáistí Ríomheolaíochta
Comhphobal Kinia
Is comhphobal ag obair i gcomhar lena chéile muid. Tá comhoibriú ina chroílár dár gcuid oibre, agus tá líonra proifisiúnta cruthaithe againn don bhfoghlaim leanúnach. Aithnímid tallann agus déanaimid éachtaí a cheiliúradh.
Imeachtaí Kinia
Ár dTionchar
Is léiriú iad na figiúirí thíos ar ár rath náisiúnta:






























