Seachtain na Teicneolaíochta Cruthaithí 2027
Is tionscnamh aitheanta go náisiúnta é Seachtain na Teicneolaíochta Cruthaithí a bhunaigh Kinia chun ceiliúradh a dhéanamh ar dhaoine óga ar fud na tíre agus ar a n-éachtaí i réimse na Teicneolaíochta Cruthaithí. Gach bliain, tagann daoine óga as gach cearn d’Éirinn le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar an méid atá cruthaithe acu, agus i mbliana tá sé níos mó ná riamh.

Tá Seachtain na Teicneolaíochta Cruthaithí ar ais.
14ú – 24ú Aibreán 2027.
Téama na bliana seo: Smaoineamh Mór, Domhan Beag .
Déanfar na ticéid agus an iompar go léir a leithdháileadh ar bhonn céad isteach, céad freastail, mar sin moltar clárú luath. Tacaíonn Kinia le heagraíochtaí a thaistealaíonn ó lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, cuir in iúl dúinn do riachtanais nuair a chláraíonn tú.
Le cabhair na teicneolaíochta, tá sé níos éasca ná riamh clárú agus freastal.
Clár Iomlán Imeachtaí
Bíonn clár iomlán imeachtaí ar siúl i rith na seachtaine, ach ag croílár an chláir tá ár dhá cheiliúradh óige agus searmanas bronnta dátheangach príomhthábhachtach, Tech Féile agus Creative Tech Fest, atá go hiomlán maoinithe agus a bheidh ar siúl san Explorium i mBaile Átha Cliath. Beidh réimse spreagúil de thaispeántas idirghníomhach , sheisiúin trialacha, agus searmanais bheo bronnta Kinia ar siúl ar an dá lá seo, ina dtabharfaimid aitheantas do na tionscadail is fearr ó gach cearn den tír i réimse catagóirí.
Tech Féile
Ceiliúradh lán-Ghaeilgea bheidh ar siúl Dé hAoine an16 Aibreán, ina mbeidh fáilte roimh dhaltaí ó bhunscoileanna lán-Ghaeilge (rang a 6), iar-bhunscoileanna (gach bliain), ó Choistí Gaeilge i scoileanna lán-Bhéarla, agus daoine óga ó eagraíochtaí óige lán-Ghaeilge.

Creative Tech Fest
Ceiliúradh dátheangach i mBéarla agus i nGaeilge a bheidh ar siúl Dé Sathairn, an 17 Aibreán, Aibreán, ina mbeidh fáilte roimh dhaltaí bunscoile (rang a 6), daltaí iar-bhunscoile (gach bliain), agus daoine óga ó eagraíochtaí óige.

Catagóirí na nGradam
Catagóirí Ghradaim Tech Féile agus Creative Tech Fest na bliana seo:
-
Podchraoladh na Bliana
-
Scannán na Bliana
-
An Tionscadal Teicneolaíochta Cliste is Fearr
-
An Tionscadal AI is Fearr
-
An Tionscadal Róbataic is Fearr
-
Oideachasóir na Bliana
-
Seaimpín Léigh Liom na Bliana
-
Eagraíocht na Bliana
-
TechSpacer na Bliana
Féach na meáin chumarsáide a bhaineann leis na himeachtaí
Craobh Náisiúnta Grand Prix Hidrigine Kinia (H2GP)
Beidh Craobh Náisiúnta Grand Prix Hidrigine Kinia (H2GP) Kinia ar siúl ar 22 Aibreán sa National Basketball Arena. Oibríonn na daltaí i bhfoirne chun a ngluaisteáin féin faoi thiomáint ag cealla breosla hidrigine, ar scála 1:10, a thógáil agus a dhearadh, agus rásaíonn siad iad. Déanann siad feidhmíocht na ngluaisteán a thástáil, a choigeartú agus a fheabhsú i rás seasmhachta náisiúnta ceithre huaire an chloig, agus rachaidh an buaiteoir ar aghaidh chuig craobh an domhain.
Craobh Náisiúnta Grand Prix Hidrigine Kinia (H2GP)
Kinia’s Hydrogen Grand Prix (H2GP) National Final will take place on 22nd April in the National Basketball Arena, as part of the Department of Transport’s LogisTYcs Skills Expo. Students work in teams to build, design, and race their own 1:10 scale hydrogen fuel cell-powered cars, testing, adjusting and refining performance in a national 4 – hour endurance race, with the winner progressing to a world final.
Coolest Projects Ireland
Beidh Coolest Projects Ireland de chuid Raspberry Pi Foundation páirteach i gclár na Seachtaine Teicneolaíochta Cruthaithí arís i mbliana, agus beidh a n-imeacht spreagúil á reáchtáil acu le cruthaitheoirí óga as gach cearn d’Éirinn ar an 24 Aibreán san Explorium.

Fógrófar tuilleadh imeachtaí comhpháirtíochta go luath!
Seachtain fionnachtana, cruthaitheachta agus foghlama atá dírithe ar an todhchaí atá i ndán dúinn – seachtain nach mbeidh tú ag iarraidh a chailleadh