Beartas Príobháideachais
Tá a fhios ag Kinia gur cás leat an chaoi a n-úsáidtear agus a roinntear eolas fút, agus is m or againn do mhuinín asainn é sin a dhéanamh go cúramach agus go stuama. Ionas gur féidir linn do phríobháideachas a chosaint níos fearr, cuirimid an Ráiteas Príobháideachais seo ar fáil a mhíníonn ár gcleachtais agus na roghanna is féidir leat a dhéanamh faoin mbealach a bhailíonn agus a úsáideann Camara Education do chuid eolais. Míníonn an fhaisnéis thíos ár bpolasaí maidir le do phríobháideachas, ar líne agus as líne. De bhun cuairt a thabhairt ar camara.org nó eolas pearsanta a roinnt le Camara Education tá tú ag glacadh leis na cleachtais a bhfuil cur síos orthu sa Ráiteas Príobháideachais seo.
Eolas Pearsanta & Ginearálta a Bhailiú agus a Úsáid
Nuair a thugann tú cuairt ar ár suíomh idirlín nó nuair a thugann tú síntiús ar líne nó as líne, seans go dtabharfá eolas pearsanta dúinn (mar shampla, ainm, seoladh, seoladh ríomhphoist, uimhreacha gutháin, cárta creidmheasa nó dochair chun críche síntiús) a roghnaíonn tú a thabhairt dúinn, a bhailítear ar bhonn aonair do spriocanna éagsúla. Maidir le eolas faoi chárta creidmheasa nó dochair a thugtar d’aon idirbheart, ní choinnítear é ach fada a dhóthain chun an t-idirbheart áirithe sin a phróiseáil. Ní choinnímid eolas creidmheasa ná dochair tar éis an idirbhirt aonair sin.
I measc na spriocanna sin tá clárú chun nuachtlitreacha ríomhphoist nó ábhair eile a fháil, eolas breise a iarraidh orainn maidir le tionscadail agus seirbhísí, síntiús a thabhairt dúinn, iarratas a dhéanamh, foirm a sheoladh isteach ar ár suíomh idirlín, nó ceist a chur orainn. Faighimid agus stórálaimid aon eolas a chlónn tú isteach ar ár suíomh idirlín nó a thugann dúinn ar aon bhealach eile, cibé acu ar líne nó as líne é sin.Iarraimid eolas pearsanta ionas gur féidir linn d’iarratas a chomhlíonadh agus do theachtaireacht a sheoladh ar ais. Coinnítear agus úsáidtear an t-eolas sin de réir na ndlíthe, na rialacha, na rialachán agus na mbeartas eile atá ann faoi láthair. Ní bhailíonn Camara Education eolas pearsanta uait mura gcuireann tú ar fáil dúinn é. Má roghnaíonn tú gan aon eolas den sórt sin a thabhairt, seans nach mbeimid in ann. D’iarratas a chomhlíonadh nó do shíntiús a thabhairt chun críche, ach beidh tú in ann na codanna eile de na suíomhanna idirlín faoi úinéireacht agus faoi riaradh Camara Education a bhrabhsáil. Ciallaíonn sé seo gur féidir leat cuairt a thabhairt ar ár suíomh gan a insint dúinn cé thú féin nó aon eolas inaitheanta pearsanta fút féin a chur ar fáil.
An chaoi a n-úsáidimid eolas
Nuair a chuireann tú eolas fút féin ar fáil chun críche sprioc ar leith, ní úsáidimid an t-eolas sin ach chun críche na sprice sin amháin (mar shampla an tseirbhís nó an t-eolas a d’iarr tú a sholáthar). Mar shampla, seans go n-iarrfaí ort eolas aonair a thabhairt dúinn chun eolas a fháil, chun síntiús a dhéanamh, nó chun iarratas a dhéanamh ar phost. Ní roinnimid an t-eolas sin le páirtithe seachtracha ach amháin a mhéad is gá chun an t-ordú sin a thabhairt chun críche.
Is féidir leat clárú lenár suíomh idirlín más mian leat eolas cothrom le dáta a fháil ar ár dtionscadail agus ar sheirbhísí nua. Ní bhainfear úsáid as an eolas a chuireann tú isteach ar ár suíomh idirlín nó ar an nguthán chun na críche seo mura roghnaíonn tú ‘a bheith istigh’ go sonrach.
Bainimid úsáid as seoltaí freagartha ríomhphoist chun an ríomhphost a fhaighimid a fhreagairt, chun admháil ar idirbhearta a sheoladh amach nó más gá comhfhreagras leantach a dhéanamh don fheidhm shonrach sin. Déanann Camara Education na seoltaí seo a chosaint go cúramach chun a sainchuspóra agus ní roinntear iad le páirtithe seachtracha.
Ní dhéanann Kinia seoltaí ríomhphoist ná eolas teagmhála pearsanta eile a fhaigheann sé a dhíol, a ligean ar cíos, a thabhairt amach ná a roinnt le foinsí seachtracha. Ní sheolann Camara Education ríomhphoist amach ar son eagraíochtaí eile.
Má dhéantar aon athruithe ábhartha ar na bealaí ina n-úsáidimid eolas inaitheanta pearsanta, glacfaidh Camara Education bearta réasúnta tráchtála chun toiliú i scríbhinn nó le ríomhphost a fháil uait. Cuirfimid na hathruithe ar an úsáid a bhainimid as eolas inaitheanta pearsanta
ar ár suíomh idirlín chomh maith 30 lá ar a laghad roimh athrú.
Tiomantas do Shlándáil Sonraí
Stóráiltear eolas inaitheanta pearsanta ar ár bhfreastalaí agus níl rochtain phoiblí air sin.
Ina theannta sin, ní bhíonn teacht ar eolas inaitheanta pearsanta ag baill foirne Camara ach ar bhonn “teacht ar eolas riachtanach” amháin. D’fhonn teacht neamhúdaraithe a chosc, cruinneas sonraí a choinneáil, agus úsáid cheart an eolais a chinntiú, tá nósanna imeachta fisiciúla, leictreonacha agus bainistíochta curtha i bhfeidhm againn chun an t-eolas a bhailímid ar líne a chosaint agus a dhaingniú. Leanaimid bearta caighdeánacha dea-chleachtais an tionscail, chun leibhéal breise slándála a sholáthar.
Cá fhad a choinneoimid do chuid eolais?
Coinneoimid do chuid eolais phearsanta agus coinneoimid taifead ar do shíntiúis chomh fada agus is gá dúinn chun críocha tuairisciúcháin airgeadais. Coinneoimid do chuid eolais phearsanta freisin chomh fada agus is gá chun ár n-oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh.
Slándáil
Tá do chuid eolais phearsanta faoi chosaint le córas slán, idir ar líne agus as líne. Stórálfar do chuid eolais ar bhunachar sonraí slán, ríomhairithe a fhéachann le caillteanas, mí-úsáid, teacht nó faisnéisiú neamhúdaraithe, athrú nó scriosadh an eolais sin a chosc. Déanfaimid iarracht i gcónaí do chuid eolais phearsanta a chosaint ar chaillteanas, ar mhí-úsáid, ar theacht nó faisnéisiú neamhúdaraithe, ar athrú nó ar scriosadh. Táimid meáite ar shlándáil a chur ar fáil do do chuid eolais, ina measc oibriú le príomhsholáthraithe seirbhísí íoca sábháilte. Glacfaimid gach céim is gá go réasúnta chun a chinntiú go gcaitear go sábháilte leis na sonraí agus de réir an Ráitis Phríobháideachais seo.
Ar an drochuair, ní féidir a chinntiú go mbeadh aon bhailiúc nó tarchur sonraí ar an Idirlíon 100% slán. Dá bhrí sin, cé go ndéanaimid ár ndícheall do chuid eolais phearsanta a chosaint, ní féidir linn sláine aon tarchuir a chinntiú nó a dheimhniú agus aistríonn tú na sonraí pearsanta ar do phriacal féin.
Ní bheidh aon dliteanas orainn as aon chaillteanas nó damáiste a tharlóidh de bhun ionsaí scaipthe eitigh seirbhíse , víris, bogearraí mailíseacha nó ábhar dochrach teicneolaíoch eile a d’fhéadfadh ionfhabhtú a dhéanamh ar do threalamh ríomhaireachta, ar ríomhchláir, ar shonraí nó ar ábhar dílsithe eile de thoradh úsáid an tsuímh idirlín seo nó íoslódála aon ábhair a phostáiltear air nó ar aon suíomh idirlín atá nasctha leis.
Leanaí
Má tá tú faoi 18 mbliana d’aois, cinntigh go bhfuil cead tuismitheora nó caomhnóra agat sula gcuireann tú aon eolas pearsanta ar fáil do Kinia. Má chuireann tú aon eolas pearsanta ar fáil dúinn glacfaimid leis go bhfuil tú os cionn 18 mbliana d’aois agus go nglacann tú le téarmaí an Ráitis Phríobháideachais seo, mura gcuirfidh tú a mhalairt in iúl dúinn.
Cé na cearta atá agat?
Táimid cuntasach dár lucht tacaíochta a chaithfidh a bheith in ann a gcuid eolais féin a bhainistiú de réir a roghanna. Téigh i dteagmháil linn lenár seoladh ríomhphoist, lenár n-uimhir ghutháin nó lenár seoladh poist atá le fáil anseo thíos má thagann aon athrú ar do shonraí pearsanta ionas go gcoinneoimid taifead cruinn ar ár lucht tacaíochta.
Faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí, tá sé de cheart agat cóip den eolas pearsanta atá inár seilbh fút a iarraidh. Chun a fháil amach cén t-eolas atá againn a bhaineann leat, chun cóip den eolas sin a iarraidh nó chun do chuid eolais phearsanta a thabhairt cothrom le dáta, a leasú nó a scrios, seol ríomhphost chugainn chuig [email protected], scríobh chuig Kinia, Aonad 3, Ionad Fiontraíochta Guinness, Lána Taylor, Baile Átha Cliath 8 nó glaoigh ar +353 1 685 7123. D’fhéadfadh go ngearrfaí táillí ar iarratais den sórt sin mar a fhorordaítear sna hAchtanna um Chosaint Sonraí.
Tá an rogha ag gach cuairteoir chuig an suíomh idirlín díliostáil ó chumarsáid uainn. Mura mian leat leanúint ar aghaidh ag fáil comhfhreagrais uainn, is féidir leat a roghnú éirí as ach cliceáil ar an nasc “díchláraigh” in aon teachtaireacht ríomhphoist a sheolfaimis chugat nó de bhun teagmháil a dhéanamh linn lenár seoladh ríomhphoist, lenár n-uimhir ghutháin nó lenár seoladh poist thíos.
Féadfar an Ráiteas Príobháideachais seo a athrú gan fógra a thabhairt roimh ré. Dá bhrí sin, molaimid d’úsáideoirí súil a choinneáil go rialta ar a bhfuil sa Ráiteas Príobháideachais seo. (Iúil 2021)