Leathbhádóir Léitheoireachta 

Bíonn deacrachtaí tromchúiseacha ag páiste amháin as gach deichniúr i scoileanna na hÉireann leis an litearthacht. I roinnt scoileanna faoi mhíbhuntáiste, tá sé seo chomh hard le beagnach duine as gach triúr. Bíonn tionchar fadtéarmach aige seo ar shaol páistí.

Tugann Clár ar líne Leathbhádóir Léitheoireachta Kinia tacaíocht do dhaltaí bunscoile ar fud na hÉireann atá ag streachailt lena gcuid léitheoireachta. 

Trí thacaíocht duine le duine atá bunaithe ar oibrithe deonacha, faigheann páistí idir 8 agus 12 bhliain d'aois uair an chloig tacaíocht litearthachta ar líne gach seachtain ar feadh ocht seachtaine.

 

Conas a oibríonn an clár?

Logálann daltaí bunscoile isteach i spás cruinnithe ar líne chun léamh lena Leathbhádóir Léitheoireachta dhá uair sa tseachtain ar feadh 8 seachtaine. Tá an dalta agus an Leathbhádóir Léitheoireachta deonach ar cheamara agus tá cóip an leabhair ag an bheirt acu ionas go bhfuil siad in ann é a léamh le chéile. 

Tugann na seisiúin 30 bomaite deis don dalta léamh amach os ard dá Leathbhádóir Léitheoireachta. Cuidíonn an Leathbhádóir Léitheoireachta leo focail chasta a léamh i gceart chomh maith leis an dalta a spreagadh agus a mholadh dá scileanna léitheoireachta fosta. Pléann an dalta agus an Leathbhádóir Léitheoireachta cad atá ag tarlú sa leabhar, an píosa den scéal is fearr leis an dalta agus cad a cheapann siad go dtarlóidh ina dhiaidh sin sa scéal. Cuidíonn sé seo le caidreamh dearfach idir an dalta agus an t-oibrí deonach a chruthú, agus cuireann sé go mór le scileanna tuisceana chomh maith le féinmhuinín an dalta.

Cé atá in ann páirt a ghlacadh?

Tá clár Leathbhádóir Léitheoireachta Kinia ar oscailt do:

Le haghaidh Tacaíochta Léitheoireachta

Daltaí bunscoile i
bPoblacht na hÉireann

Chun a bheith i do Leathbhádóir Léitheoireachta

Corporate partners/volunteers

Cé atá in ann páirt a ghlacadh?

Tacaíocht léitheoireachta do dhaltaí bunscoile

Más múinteoir bunscoile/príomhoide/nó duine den lucht bainistíochta scoile thú agus má tá suim agat an clár Leathbhádóir Léitheoireachta a reáchtáil,   léirigh do spéis thíos.

Beidh duine de bhainisteoirí Leathbhádóra Léitheoireachta Kinia i dteagmháil leat chun na nithe seo a leanas a phlé: 

  • An clár a reáchtáil i do scoil
  • Na hacmhainní agus an leagan amach atá de dhíth
  • Na spriocanna ama don chlár
  • Ceist nó deacracht ar bith atá agat

Oibrithe Deonacha Corparáideacha

Oibríonn muid le roinnt comhpháirtithe corparáideacha ar fud na hÉireann a chuireann oibrithe deonacha ar fáil don chlár Leathbhádóir Léitheoireachta Kinia. Is bealach iontach é seo don fhoireann páirt a ghlacadh i gclár fiúntach, tacú le mic léinn óga ar fud na tíre, agus 60 nóiméad sa tseachtain a chaitheamh ar rud éigin difriúil agus taitneamhach. 

Má tá spéis ag do chomhlacht nó ag d’eagraíocht oibrithe deonacha a chuir ar fáil don chlár Leathbhádóir Léitheoireachta, léirigh do spéis thíos.

Beidh duine de bhainisteoirí Leathbhádóra Léitheoireachta Kinia i dteagmháil leat chun na nithe seo a leanas a phlé: 

  • An clár Leathbhádóir Léitheoireachta a réachtáil i do chomhlacht
  • Na hacmhainní agus an leagan amach atá de dhíth
  • Próiseas iarratais, oiliúint agus Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána
  • Na spriocanna ama don chlár
  • Ceist nó deacracht ar bith atá agat

Tionchar an chláir

Faigh tuilleadh eolais faoi thionchar an chláir Leathbhádóir Léitheoireachta