Clár TechSpace

Is clár STEAM agus na meáin dhigiteacha é Clár TechSpace d'oideachasóirí i nGaelscoileanna, i nGaelcholáistí, i scoileanna Gaeltachta, agus i gclubanna óige Gaeilge.  

 

 

Ní Saol go Foghlaim

Samhlaigh | Cruthaigh | Spreag

Is líonra cruthaitheach d'oideachasóirí é Clár TechSpaceIs líonra teicneolaíochta cruthaitheach é Clár TechSpace d'oideachasóirí chun tabhairt faoi thraenáil agus uasoiliúint, agus tacaíocht a thabhairt dá chéile leis na meáin chruthaitheacha agus STEAM. 

Ó oiliúint tosaigh go seisiúin tacaíochta, agus tacaíocht trealaimh, tabharfaidh ár bhfoireann treoir do d'eagraíocht. I ndiaidh tabhairt faoi thraenáil, is féidir le hoideachasóirí tuilleadh tacaíochta a fháil ó Líonra Kinia, ardán ar líne inar féidir le hoideachasóirí ábhar a roinnt, a bheith spreagtha, agus tacaíocht a fháil don seomra ranga lenár gceachtanna ranga agus gníomhaíochtaí céim-ar-chéim.  

Maoiniú d'Oiliúint agus Trealamh

Tá Clár TechSpace maoinithe go fial ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ó bunaíodh é. Tá deontais ar fáil d'oiliúint agus do threalamh d'aon traenáil thíos.  

STEAM

snp time 1 icon

Ó chiorcaid go sádráil, tabharfaidh ár n-oiliúint STEAM na scileanna go léir a theastaíonn uait chun foghlaim STEAM a éascú i do sheomra ranga nó i do chlub óige. 

Na Meáin Dhigiteacha

informlearn icon

Is cuma tú a bheith ag tabhairt faoi chlár faisnéise, do chéad fhíseán ceoil, podchraoladh, nó ag iarraidh scáileán glas a úsáid, tabharfaidh an traenáil  seo na scileanna go léir a theastaíonn uait chun a bheith cruthaitheach leis an teicneolaíocht! 

Ríomheolaíocht

certificate icon

Fiosraigh do chéad chéimeanna i gcódú, foghlaim faoi choincheapa éagsúla ríomheolaíochta, conas cluiche a chruthú, nó gach rud faoi róbataic. 

Teistiméireachtaí

"Míle buíochas as an oilliúnt go háirithe as an oilliúnt trí mhéan na Gaeilge. Tá sé go hiontach go bhfuil achmhainní teicneolaíochta cosúil le Scratch, Skribot agus Makey Makey ar fáil sa Ghaelainn. Bhain mé idir taitneamh agus tairbhe as an gcúrsa. Tá níos mó muiníne agam anois tabhairt faoi chódú leis na daltaí!”

– Múinteoir

"Tar éis an cúrsa STEAM seo a dhéanamh, tá níos mó muiníne agam féin anois agus mé ag plé le cúrsaí STEAM agus sílim go mbeinn in ann club a bhunú."

– Ceannaire Chlub Óige

Cé atá in ann tabhairt faoin traenáil seo? 

Is d'oideachasóirí i nGaelscoileanna, i nGaelcholáistí, i scoileanna Gaeltachta, agus i gclubanna óige Gaeilge atá an traenáil seo. Mura bhfuil tú i gceann acu seo, ach más mian leat tacaíocht a fháil uainn, féach ar ár gcláir eile anseo, nó tar i dteagmháil linn.

Creative TechFest 2021

Is ceiliúradh bliantúil é Creative Tech Fest atá oscailte do dhaoine óga ó aois 8 go 18. Tá oibrí óige, ball foirne, oibrí deonacha nó múinteoir ar bith a ghlac páirt in oiliúint le Camara Ireland i dteideal tacú le daoine óga páirt a ghlacadh lena ngrúpa óige nó lena rang.

Tech Féile 2022 - Kinia

An ceiliúradh is mó do dhaoine óga ceiliúradh a dhéanamh ar a gcuid tionscadal teicneolaíochta cruthaitheach! Ag tosnú ar an 4 Feabhra agus ag críochnú le searmanas gradaim fíorúil ar an 28 Aibreán, cuirfidh scoil nó club tionscadal amháin isteach mar ghrúpa i mbliana in áit tionscadail aonaracha ó na daltaí.