Cruthaíonn carthanas Éireannach fógra Nollag le AI agus cuireann sé an cheist: Cé a íocann an fíorphraghas? #AIatChristmas

Kinia, the non-profit bridging Ireland’s digital divide, has launched a Christmas ad made entirely in-house with generative AI. It’s produced with a purpose: to question who benefits from AI, who pays a cost, and who risks being left behind.

De ghnáth, bheadh aisteoirí, foireann léiriúcháin, seit scannánaíochta agus buiséad ag teastáil le haghaidh léiriúcháin mar seo. I gcás na mbrandaí agus na bhfeachtas fógraíochta is mó, d’fhéadfadh costas os cionn €1 mhilliún a bheith i gceist. Chruthaigh foireann bheag Kinia an fógra i gceann cúpla lá, agus gan ach €76 caite acu ar bhogearraí, chomh maith leis an am a caitheadh ag scríobh na scripte agus ag stiúradh an fhógra, agus roinnt eagarthóireachta déanta ag daoine chun an físeán agus an fhuaim a chur le chéile.

An fógra

Tá an scannán 47 soicind suite i seomra suí Éireannach a bhfuil atmaisféar teolaí cumhach ann. Ní fada go gcaitear róbat plaisteach lonrach buachalla sa bhosca bruscair rothaí, go dtí go n-osclaíonn sé bronntanas ina bhfuil trealamh STEM Kinia, go dtógann sé a ghluaisteán cianrialaithe féin agus go bhféachann a thuismitheoirí air agus é ag gluaiseacht go tapa trasna an chairpéid. Críochnaíonn an scannán le teachtaireacht Kinia don Nollaig: “Tabhair bronntanas a dhéanann maitheas faoi dhó.”

 

Na ceisteanna atá taobh thiar de

1. Will AI only open doors for those with the skills to use it?

Tá na huirlisí a úsáideadh chun an fógra seo a chruthú ar fáil do bheagnach gach duine. Ach níl na scileanna chun iad a úsáid ag gach duine. Tá AI linn anois agus, mura ndéantar maoirseacht chuí uirthi, d’fhéadfadh sí an bhearna dhigiteach a leathnú seachas í a laghdú.

Dúirt urlabhraí de chuid Kinia: “Creidimid gur cheart feachtais mar seo a chruthú le fíor-aisteoirí, seit scannánaíochta agus cláir scéil, agus níor mhaith linn riamh an bharántúlacht, an chruthaitheacht ná an cheardaíocht a chailleadh. Ach bheimis ag ligean orainn féin mura n-admhóimis go bhfuil athrú tagtha ar na féidearthachtaí atá ann de bharr AI. Den chéad uair riamh, tá carthanas cosúil linne in ann scéal a insint ar an scála seo, agus acmhainní á ndíriú againn i gcónaí ar an tionchar a bhíonn againn agus ar an obair a dhéanaimid.
Agus an teicneolaíocht ag forbairt go tapa, ní mór dúinn fiafraí cé hiad na daoine atá ag fáil an eolais, na muiníne agus na scileanna a theastaíonn uathu chun í a thuiscint, í a cheistiú agus páirt a ghlacadh i múnlú a todhchaí.”

“Is comhrá é seo nach mór a bheith againn in Éirinn, agus caithfidh cruthaitheoirí, oideachasóirí, pobail agus lucht déanta beartas uile a bheith páirteach ann. Níl na freagraí ar fad againn, agus ba mhaith linn a bheith oscailte agus macánta faoi na rioscaí chomh maith leis na buntáistí, go háirithe i gcás na ndaoine óga agus na bpobal lena n-oibrímid. Ba cheart AI a chomhtháthú inár dtodhchaí ar bhealach oscailte agus cothrom, ionas go gcruthófar deiseanna nua do chách, lena n-áirítear na haisteoirí, na foirne léiriúcháin agus na daoine cruthaitheacha atá i gcroílár na scéalaíochta den scoth.”

2. When AI steps in, what do young people miss out on learning?

Tá Kinia ag iarraidh go dtuigfeadh daoine óga AI agus go mbeadh a ndóthain muiníne acu triail a bhaint aisti. Ach nuair a dhéanann AI an obair, d’fhéadfadh daoine óga na deiseanna fionnachtana a fhágann go mbíonn an fhoghlaim fiúntach agus taitneamhach a chailleadh. Ní mór foghlaim conas uirlisí AI a úsáid go héifeachtach a bheith fite fuaite le foghlaim conas smaoineamh, rudaí a dhéanamh agus a chruthú gan iad.

3. Can AI be fair if it’s built on creators’ unpaid work?

Ba í foireann Kinia a cheap agus a stiúraigh an fógra, agus cruthaíodh é trí phróiseas fairsing treoracha a thabhairt d'AI agus trialacha a dhéanamh. Gineadh na daoine agus na suíomhanna atá le feiceáil san fhógra le AI agus ní léiríonn siad fíordhaoine. Tá Kinia ag cur in iúl go soiléir gur cruthaíodh an fógra le AI, ag teacht lena cuid oibre chun cabhrú le daoine óga meáin a ghintear le AI a thuiscint agus a aithint.

Aithníonn Kinia fírinne eile atá níos deacra a ghlacadh. Cuirtear oiliúint ar uirlisí AI giniúna, lena n-áirítear na huirlisí a úsáideadh chun an fógra seo a chruthú, trí úsáid a bhaint as méideanna ollmhóra saothar ealaíontóirí, scríbhneoirí agus cruthaitheoirí. D’fhéadfadh sé a bheith le sonrú mar chéim i dtreo an daonlathais go bhfuiltear in ann rud éigin a chruthú ar bhuiséad beag, ach níor cheart go ndéanfaí é sin ar chostas na gcruthaitheoirí a bhfuil a gcuid saothair mar bhonn leis na huirlisí seo. 

Bígí páirteach sa chomhrá

Tugann Kinia cuireadh do dhaoine cruthaitheacha, d’oideachasóirí, d’eagraíochtaí pobail agus do lucht déanta beartas a gcuid tuairimí a roinnt faoi AI, faoi rochtain uirthi agus faoin tionchar atá aici, agus an haischlib #AIatChristmas á húsáid acu. 

An tionchar go dtí seo

Kinia has reached 406,973 children and young people across all 26 counties, working with 2,665 schools and youth centres, 24,524 educators and 1,288 volunteers.

Féach air agus tabhair tacaíocht

The ad is available to watch live on Kinia’s YouTube, Instagram and LinkedIn channel. The Build a Remote-Controlled Car kit featured in the ad costs €18 at shop.kinia.ie, and every purchase supports Kinia’s work bringing creative tech education to young people nationwide.