Obair Dheonach

Our volunteers come from all walks of life; from the corporate sector through CSR initiatives, from the education sector through Transition Year programmes, and from the wider community.

 

Ag Kinia, táimid i gcónaí ag lorg oibrithe deonacha chun tacú leis an obair iontach a dhéanaimid.

Reáchtálaimid tionscadail faoi stiúir oibrithe deonacha chun cabhrú le leanbh nó le duine óg scileanna riachtanacha a fhorbairt sa seomra ranga.

Cuireann oibrithe deonacha tacaíocht litearthachta nó matamaitice 1:1 ar fáil do leanaí go pearsanta nó ar líne trínár gClár Cara Léitheoireachta nó ar an ardán Mathswhizz, agus tacaíocht le scileanna digiteacha do thionscadail speisialta don seomra ranga nó do ghrúpa.

Comhphobal Kinia

Tagann ár n-oibrithe deonacha ó gach aoisghrúpa agus ó chúlraí éagsúla.Níl ort ach a bheith tiomanta chun cuidiú le daoine óga a dteastaíonn spreagadh uathu ar scoil.

Tiomantas

snp time 1 icon

Is é an tiomantas deonach ná 10 – 12 uair an chloig scaipthe thar 7 – 8 seachtaine. Bíonn gach socrúchán ar siúl faoi dhó sa tseachtain, le seisiún leathuair an chloig gach lá. 

Traenáil

informlearn icon

Beidh ort seisiún oiliúna gearr ar líne (1–2 uair an chloig) a chríochnú chun ullmhú do do shocrúchán deonach. Áirítear leis seo faisnéis faoi chumhdach leanaí.

Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána

 

certificate icon

Ní mór do Kinia grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána a dhéanamh ar ár n-oibrithe deonacha go léir chun go mbeidh siad in ann páirt a ghlacadh inár dtionscadail. Is cuid thábhachtach den phróiseas é, agus beimid in ann treoir a thabhairt duit air.

Teistiméireachtaí

"Bhain mé an-taitneamh as a bheith ag breathnú ar Sophie ag teacht isteach ar na focail a raibh deacracht aici leo ag an tús. Bhí rudaí deasa le rá ag Sophie liom ag an deireadh agus sílim go bhfuil sí spreagtha chun leanúint leis an léitheoireacht léi féin. Ní féidir níos mó ná sin a iarraidh."

– Oibrí deonach Mazars

"De réir a chéile, bíonn an-chuid de na gasúir in ann léamh le níos mó líofachta. Bhí leanaí ag tnúth le léamh lena meantóir agus rinne siad caidreamh dearfach a fhorbairt leo."

– Múinteoir, Nollaig 2018

Eagraíochtaí a bhíonn ag obair go deonach linn: