Tech Féile 2022 - Kinia

An ceiliúradh is mó do dhaoine óga ceiliúradh a dhéanamh ar a gcuid tionscadal teicneolaíochta cruthaitheach!

Céard atá ag tarlú

Ag tosnú ar an 4 Feabhra agus ag críochnú le searmanas gradaim fíorúil ar an 28 Aibreán, cuirfidh scoil nó club tionscadal amháin isteach mar ghrúpa i mbliana in áit tionscadail aonaracha ó na daltaí. Tabharfaidh foireann TechSpace go leor tacaíochta do chuile thionscadal le seisiúin tacaíochta seachtainiúla, chomh maith le tacaíocht trealaimh, agus gach eolas a bheas ag teastáil le do thionscadal a thabhairt chun críche. I mbliana, gheobhaidh tú trealamh Róbait agus tabharfar do dhúshlán róbat a chur le chéile agus a ullmhú do chomórtas réigiúnach agus náisiúnta. Beidh do róbat san iomaíocht i dtrí chéim ar leith: rás in aghaidh an chloig ar raon rásaíochta, imeacht rúndiamhair ina gcaithfear rudaí a bhogadh in airéine agus comhrac laistigh d’airéine freisin. Is féidir le scoileanna agus clubanna meascán smaointí a sheoladh isteach sna catagóirí éagsúla.

Cén fáth mar seo?

Tabharfar níos mó tacaíochta agus treoir ná ariamh le cinntiú go bhfuil gach rud a theastaíonn ón oideachasóir dá ndaltaí acu! Beidh ar daltaí a láidreachtaí agus a laigí a mheas gan a fhios agat go díreach cén dúshlán a bheidh ann. Déanfaidh sé seo tástáil ar a gcumas maidir le pleanáil go héifeachtach agus a bheith chomh hullamh agus is féidir. Trí sheisiúin seachtainiúla le foireann TechSpace, tá sé de rún againn cinntiú go bhfuil dóthain tacaíochta ag gach grúpa le cinntiú go bhfuil siad ag foghlaim is ag forbairt.

Beidh clár Tech Féile ag imeacht thar dhá sheachtain déag, agus cuirfear deireadh leis le searmanas gradaim fíorúil, le gradaim do na tograí sin a sheas amach ó thaobh cruthaitheachta agus nuálaíochta de.

Tech Féile Atá Thart

Tá spéis againn ann! Cé atá in ann a bheith páirteach?
  • Tá Tech Féile oscailte do Ghaelcholáiste, scoil Ghaeltachta, nó club óige ar bith atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Má tá tú i do bhall de Chlár TechSpace cheana, téigh i dteagmháil le do chomhordaitheoir TechSpace áitiúil.Mura bhfuil tú ag plé le TechSpace go fóil teigh i dteagmháil trí riomhphost a sheoladh chuig Oifigeach Oideachas STEAM TechSpace Jules Ní Chonchobhair.

 

Má tá ceist ar bith agat, nó má tá tuilleadh eolais uait faoi Tech Féile, tá fáilte romhat teaghmáil a dhéanamh linn.

Ar aghaidh linn! Beimid ann! Conas a chuirfimid tús leis?

Iontach! Ar dtús, smaoinigh ar na tionscadail atá sibh ag iarraidh tabhairt faoi. Cuir isteach an oiread smaointí is a theastaíonn uait sna catagóirí STEAM, Ríomheolaíocht, agus na Meáin Dhigiteacha.  

Ó chláir fhaisnéise, go cluichí ríomhaire, VR go AR, go róbaitic agus códú. Más STEAM, Ríomheolaíocht, ó na Méain Dhigiteacha, táimid ag súil le bhur gcuid smaointí uilig! Is féidir iad a chur isteach anseo. Chun tuilleadh eolais a fháil ar chatagóirí na bliana seo, cliceáil anseo

Má tá ceist ar bith agat faoi d’iarratas, nó gné ar bith eile de Tech Féile agus TechSpace, tar i dteagmháil linn.  

Cúnamh! Céard iad na tacaíochtaí atá ar fáil?

Teastaíonn uainn go mbainfidh gach scoil agus club an leas is fearr as Tech Féile. Chun tacaíocht a thabhairt do chuile ghrúpa, táimid ag tairiscint an méid seo a leanas:  

  • Seisiúin tacaíochta seachtainiúla le foireann TechSpace.
  • Trealamh: Tabharfaimid tacaíocht trealaimh do chuile scoil
  • Treoirleabhair: Beimid ag cur treoirleabhair agus comhairle ar fáil do bhur gcuid tograí
  • Smaointí: Má tá comhairle nó smaointí ag teastáil agus sibh i mbun forbartha ar bhur dtogra, táimid ar fáil!  

Má tá bealach ar bith gur féidir linn cúnamh a thabhairt duit, téigh i dteagmháil le d’Oifigeach TechSpace áitiúil, agus déanfamid ár ndícheall!  

Cathain? Cathain a bhfuil sé seo uilig ag tarlú?

 Dátaí Tábhachtacha

Seol isteach do phórtfóilió

  • 4 Márta 2022

Tionscadail a thabhairt chun críche agus seoladh isteach

  • 8 Aibreán 2022

Seisiúin Tacaíochta

  • Seisiún 1: 7-11 Feabhra 
  • Seisiún 2: 14-18 Feabhra 
  • Seisiún 3: 28 Feabhra – 4 Márta 
  • Seisiún 4: 28 Márta – 1 Aibreán 

Tabharfar 4 sheisiún tacaíochta sheachtainiúla do gach eagraíocht chun a róbait a chur le chéile agus ullmhú do na himeachtaí réigiúnacha. 

Iarratais do Láithreoirí agus Ceoltóirí Óige

  • 4 Feabhra 2022

Táimid ag iarraidh go mbeadh ceoltóirí agus láithreoirí óga lárnach sa searmanas gradaim. Tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Comórtais Réigiúnacha

  • Dún na nGall: 8 Márta 
  • Gaillimh: 11 Márta
  • Laighin: 15 Márta
  • Ciarraí: 22 Márta
  • Corcaigh: 24 Márta

Seo deis daoibh casadh le daoine eile i bhur réigiún ar líne, cur i láthair a dhéanamh ar bhur dtionscadail, agus foghlaim faoin méid atá ar siúl ag daoine eile.  

Searmanas Gradaim

  • 28 Aibreán 2022

Searmanas gradaim beo ar líne le ceoltóirí óga, láithreoirí óga, agus fógairt ar ghradaim!