STEAM | Ar Líne (24/07/2023 and 27/07/2023)
Tá an cúrsa seo dírithe ar oibrithe óige nó oideachasóirí san earnáil óige a bhfuil suim acu foghlaim faoi ghníomhaíochtaí STEAM a úsáid chun daoine óga a mhealladh le tionscadail spraíúla, chruthaitheacha agus nuálacha – nuair nach bhfuil a fhios aige nó aici cá dtosóidh sé nó sí!
Le linn na traenála STEAM gheobhaidh sibh tuiscint níos fearr ar cad is “STEAM” ann, an ciorcad simplí agus déantúsaíacht oscailte. Ag deireadh an chúrsa beidh taithí agaibh le STEAM kits agus beidh sibh ábalta bhur dtionscnaimh STEAM féin a chur le chéile. Chomh maith leis sin, beidh sibh mar chuid den líonra Techspace agus beidh tacaíocht leanúnach ar fáil daoibh.